In the press Supporting organizations Contact Gaeilge Close

Iarrtar leis an togra seo go glacfar gníomh reachtach lena bhforálfar maidir le tarscaoileadh ar chóipcheart, cearta gaolmhara agus cearta ar bhunachar sonraí do dhaoine nádúrtha a roinneann comhaid trí líonraí digiteacha dá n-úsáid phearsanta féin agus chun críoch neamhbhrabúis.

Cuireadh tús le comhroinnt comhad in 1999, nuair a tháinig ‘Napster’ ar an saol. Thar na blianta, d’éirigh an chomhroinnt comhad dháilte (nó an chomhroinnt ‘idir piaraí’) i bhfad ní b’éifeachtúla mar gheall ar an teicneolaíocht (e.g. Gnutella, Freenet, BitTorrent).

Ón tús ar fad, bhí na cuideachtaí is mó is sealbhóirí cirt glan in éadan an teicneolaíocht chomhroinnte a úsáid le haghaidh saothair agus ábhair eile a bhí faoi réir cóipchirt, cearta gaolmhara agus cearta ar bhunachar sonraí, agus tá bunús na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair ag teacht leis sin.

Tá ceist amháin fós ann, áfach: an bhfuil sé cothrom go gcuirtear cosc ar roinnt saothar agus ábhair eile de dheasca an chóipchirt, cearta gaolmhara agus cearta ar bhunachar sonraí?

Ba cheart go gcuirfeadh an cóipcheart, cearta gaolmhara agus cearta ar bhunachar sonraí le leathadh an chultúir, na nuálaíochta agus an dul chun cinn sóisialta.

Cuireann an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair cosc ar chomhroinnt comhad ina bhfuil saothair agus ábhar eile atá faoi réir cóipchirt, cearta gaolmhara agus cearta ar bhunachar sonraí, agus cuireann sé srian nach beag ar an tsaoirse rochtana a chumhdaítear in Airteagal 27(1) de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tsaincheist seo sa lá atá inniu ann, ó glacadh Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach.

Níl éifeachtaí na Treorach de réir a chéile. Ar thaobh amháin, éascaíonn Airteagal 17 do sholáthróirí seirbhísí comhroinnte ábhair ar líne údarú a fháil chun ábhar cosanta a leathadh, rud a éascaíonn an ról atá acu mar idirghabhálaithe pribhléideacha agus spreagann a ngníomhaíochtaí rialaithe teicniúil agus próifílithe ó thaobh saoránach de. Ar an taobh eile, tá cosc fós ar an gcomhroinnt comhad.

Iarrtar leis an togra seo go mbeidh cead ag saoránaigh comhaid a chomhroinnt ar bhonn díreach trí líonraí idir piaraí le go mbeidh rochtain acu ar eolaíocht agus ar chultúr gan seiceálacha ná próifíliú a bheith á ndéanamh orthu. Bheadh reachtaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena gceadófaí é sin ag teacht go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta dá mba amhlaidh go dtabharfaí cúiteamh cóir do na sealbhóirí cirt.

Ba cheart daoine agus cearta bunúsacha a bheith ag croílár cinntí reachtaíochta agus polaitíochta. Dá bhrí sin, na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair lena rialaítear comhroinnt comhad ina bhfuil saothair agus ábhar eile atá faoi chosaint cóipchirt, cearta gaolmhara agus cearta ar bhunachar sonraí, ní mór iad a athrú d’fhonn cur leis an tsaoirse agus leis an dul chun cinn eacnamaíoch, cultúrtha agus sóisialta a chuirtear ar fáil trí líonraí digiteacha.